Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Cuireadh Fáiltiú Cathartha ar siúl chun Rath Spóirt an Chláir a cheiliúradh

5 December 2023

Chuir an Comh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, Fáiltiú Cathartha ar siúl Dé Luain an 4 Nollaig chun na héachtaí ollmhóra a bhain painéal Sóisearach Camógaíochta an Chláir agus painéal Mionaoiseach Iománaíochta an Chláir amach le déanaí a cheiliúradh.

Le linn an fháiltithe, bronnadh onóir ar phainéal Sóisearach Camógaíochta an Chláir as Príomh-Chraobhchomórtas Sóisearach Camógaíochta Uile-Éireann a bhuachan den chéad uair ó bhí an bhliain 2008 ann agus ar Iománaithe Mionaoiseacha an Chláir as Craobhchomórtas Mionaoiseach Iománaíochta na Mumhan agus Craobhchomórtas Mionaoiseach Iománaíochta Uile-Éireann araon a bhuachan.

San aitheasc uaidh don lucht féachana, dúirt an Comh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir: “Is é atá san ócáid inniu ná ócáid ina dtugtar deis don Chomhairle aitheantas a thabhairt do rath iontach an dá phainéal atá anseo inniu.

Mar fhear mór CLG mé ó bhí mé i mo bhuachaill óg i leith, ba mhór an onóir dom amharc ar an dá phainéal i mbliana agus bhí áthas an domhain orm an dá fhoireann a fheiceáil agus iad ag tabhairt rath Uile-Éireann ar ais go Contae an Chláir.”

Bhuaigh painéal Sóisearach Camógaíochta an Chláir Cluiche Ceannais Uile-Éireann Dé Domhnaigh an 6 Lúnasa i bPáirc an Chrócaigh, agus iad ag fáil na láimhe in uachtar ar Thiobraid Árann, a gcomharsana i gCúige Mumhan, faoi scór 3-7 go 1-9. Bhuaigh Iománaithe Mionaoiseacha an Chláir craobh na Mumhan i mí na Bealtaine, agus iad ag buachan ar Chorcaigh faoi sheacht bpointe, sular bhuaigh siad Craobhchomórtas Mionaoiseach Iománaíochta Uile-Éireann Dé Domhnaigh an 4 Meitheamh, agus iad ag fáil na láimhe in uachtar ar Ghaillimh, a gcomharsana, faoi scór 2-22 go 4-11.

An bheirt chaptaen, mar atá Sinéad O’Keeffe agus Eoghan Gunning, agus an bheirt bhainisteoirí, mar atá John Carmody agus Brian O’Connell, ghlac siad le saothair bronnta gloine agus le Scrollaí Bronnta Fáiltithe Chathartha ón gCathaoirleach thar ceann a bpainéal agus a bhfoirne bainistíochta faoi seach.

Tar éis a aithisc tosaigh, dúirt an Comh. Cooney: “A imreoirí den dá phainéal atá i láthair inniu, a chóitseálaithe agus a bhaill foirne tacaíochta – is mór an chreidiúint sibh daoibh féin, do bhur dteaghlach, do bhur gclub agus do bhur gcontae. Táim ag súil le hamharc oraibhse uile i ndathanna an Chláir sna blianta beaga atá romhainn agus táim cinnte go mbeidh go leor agaibh ar ais i bPáirc an Chrócaigh gan mórán moille. An Clár Abú!”

 

Foscríbhinn: (1): Sa phictiúr leis an gComh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, tá: (Ó chlé go deas): Brian O’Connell, bainisteoir fhoireann Mhionaoiseach Iománaíochta an Chláir, agus Eoghan Gunning, captaen fhoireann Mhionaoiseach Iománaíochta an Chláir.

(2): Sa phictiúr leis an gComh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, tá: (Ó chlé go deas): Sinéad O’Keeffe, captaen fhoireann Shóisearach Camógaíochta an Chláir, agus John Carmody, bainisteoir fhoireann Shóisearach Camógaíochta an Chláir.

Grianghraf: Eamon Ward.

Page last reviewed: 06/12/23

Content managed by: Corporate Services Department

Back to top